safefood for life as gaeilge
Is é is safefood for life ann ná cúrsa ríomhfhoghlama sláinteachas bia do scoláirí meánscoile agus ógtheagmhála atá ag déanamh staidéar ar eacnamaíocht bhaile nó ar lónadóireacht. Tá sé comhdhéanta de dheich gceacht 45 nóiméad ar shláinteachas bia ina gclúdaítear 9 dtopaic, lena n-áirítear bia a láimhsiú agus a ullmhú, ailléirginí agus hipiríogaireacht maidir le bia.
Modúil
-
Modúl 1 – Sláinteachas bia - cén fáth a mbacfá leis?
Tugtar tús eolais ann ar shláinteachas bia agus ar nimhiú bia. Fiosraítear ann na cineálacha difriúla miocrorgánach agus cén áit a n-aimsítear iad.
-
Scrúdaítear ann traséilliú, lena n-áirítear éilliú baictéarach. Fiosraítear ann foinsí an éillithe bhaictéaraigh agus conas a thugtar isteach iad sa bhiashlabhra.
-
Modúl 3 – Bia a sheachadadh agus a stóráil
Clúdaítear ann na nósanna imeachta cearta le haghaidh glacadh le seachadtaí bia agus le haghaidh iad a fháil agus a stóráil.
-
Modúl 4 – Bia a ullmhú, a chócaráil agus a riar
Fiosraítear ann conas éilliú bia a chosc le linn é a ullmhú, a chócaráil agus a riar.
-
Modúl 5 – Sláinteachas pearsanta
Scrúdaítear ann cé chomh tábhachtach is a bhíonn sláinteachas pearsanta agus dea-chleachtais sláinteachais phearsanta san áit oibre.
-
Modúl 6 – Dearadh agus leagan amach áitreabh bia
Scrúdaítear ann dearadh agus leagan amach áitreabh bia. Sainaithnítear ann ról na n-oifigeach forfheidhmiúcháin i monatóireacht a dhéanamh ar bhia.
-
Modúl 7 – Glanadh agus srianadh lotnaidí
Fiosraítear ann na buntáistí a ghabhann le glanadh córasach. Clúdaítear ann lotnaidí bia a shainaithint agus a shrianadh.
-
Modúl 8 – Anailís Guaise agus Pointí Rialúcháin Criticiúla
Clúdaítear ann na 7 bprionsabal a ghabhann le hAnailís Guaise agus Pointí Rialúcháin Criticiúla (AGPRC).
-
Modúl 9 – Hipiríogaireacht maidir le bia - ailléirge bhia, éadulaingt ar bhia agus galar céiliach
Sainmhínítear ann ailléirge bhia, éadulaingt ar bhia agus galar céiliach. Tugtar breac-chuntas ann ar an ról is féidir leis an bhfoireann a imirt in ailléirginí bia a bhainistiú i ngnólacht táirgthe bia nó i ngnólacht lónadóireachta.
Pleananna Ceachta
-
Plean Ceachta 1, Cuid 1 - Sláinteachas bia - cén fáth a mbacfá leis?
Topaicí plé ar nimhiú bia, ar bhuntáistí an dea-shláinteachais bia agus ar oibrithe bia agus an dlí. Gníomhaíocht suirbhé ar nimhiú bia.
-
Plean Ceachta 1, Cuid 2 - Sláinteachas bia - cén fáth a mbacfá leis?
Topaic phlé ar conas a théann baictéir agus víris isteach inár gcuid bia. Tasc ranga ar na cúiseanna le nimhiú bia. Tasc obair bhaile ar éilliú fisiciúil bia.
-
Topaic phlé ar na grúpaí is soghabhálaí i leith nimhiú bia. Tasc ranga ar éilliú bia le hailléirginí agus le ceimiceáin. Tasc obair bhaile ar rioscaí éilliúcháin a shainaithint.
-
Plean Ceachta 3 – Bia a sheachadadh agus a stóráil
Topaic phlé ar sheachadtaí bia. Gníomhaíocht ranga ar sheiceálacha teochta. Gníomhaíocht obair bhaile ar stóráil cuisneora.
-
Plean Ceachta 4 – Bia a ullmhú, a chócaráil agus a riar
Plé ar dhíreo sábháilte. Gníomhaíocht ranga ar an gcrios contúirte teochta. Tasc obair bhaile ar reo.
-
Plean Ceachta 5 – Sláinteachas pearsanta
Topaicí plé ar dhea-shláinteachas pearsanta agus ní lámh. Gníomhaíochtaí ranga agus obair bhaile ar ní lámh.
-
Plean Ceachta 6 – Dearadh agus leagan amach áitreabh bia
Topaic phlé ar chistin lónadóireachta a dhearadh. Tasc ranga ar dhearadh a mheas. Tasc obair bhaile ar riachtanais seirbhíse.
-
Plean Ceachta 7 – Glanadh agus srianadh lotnaidí
Topaic phlé ar oibreáin ghlantacháin. Gníomhaíocht ranga ar shrianadh lotnaidí. Tasc taighde obair bhaile ar inmhíoluithe lotnaidí.
-
Plean Ceachta 8 – Anailís Guaise agus Pointí Rialúcháin Criticiúla
Topaic phlé, gníomhaíocht ranga agus tasc obair bhaile ar Anailís Guaise agus Pointí Rialúcháin Criticiúla (AGPRC).
-
Plean Ceachta 9 – Ailléirgí bia, éadulaingt ar bhia agus galar céiliach
Topaic phlé ar fhrithghníomhuithe ailléirgeacha. Gníomhaíocht taighde ranga ar ailléirgí bia. Tasc obair bhaile ar ailléirgí bia a bhainistiú.
Scrúdú ar Líne
Le clár safefood for life, ullmhaítear daltaí do scrúdú ar líne chun deimhniú i sláinteachas bia atá formhuinithe ag Cumann Sláinte Comhshaoil na hÉireann a ghnóthú. Tá an deimhniú bailí ar feadh cúig bliana. Chun do scoil a chlárú le haghaidh an scrúdaithe ar líne, téigh chuig safefoodforlife.com.
Is é 15 euro in aghaidh an dalta costas an scrúdaithe ar líne, agus é iníoctha le Cumann Sláinte Comhshaoil na hÉireann.