Seo a leanas cuspóirí Thopaic 3:
Ceacht 5
Meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na dteachtaireachtaí faoi cheilt sna meáin agus idirdhealú a dhéanamh idir dearcthaí éagsúla agus díospóireacht a bheith ann faoi mheáin sa tsochaí chomhaimseartha agus an úsáid a bhaineann leanaí astu.
Ceacht 6
A aithint nuair a úsáidtear steiréitíopáil sna meáin
Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 5 agus Rang 6 na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- A thuiscint go bhfuil sé mar sprioc ag an bhfógraíocht ceann amháin de cheithre rud a bhaint amach:
- Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn
- Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach
- Áitiú orainn ár n-iompar a athrú
- Dearcadh a chur chun cinn
- Measúnú a dhéanamh ar na dearcthaí a chuirtear i láthair sna meáin agus an rogha a dhéanamh aontú nó easaontú leo, mar shampla dearcthaí éagsúla i leith leanaí a bheith ag úsáid meáin nua-aimseartha.
- A aithint conas a bhaineann roinnt fógraíochta úsáid as na mothúcháin chun tionchar a imirt orainn agus a chur ina luí orainn go bhfuil rud éigin de dhíth orainn.
- A thuiscint go bhfuil sraith rialacha ag tionscal na meán cumarsáide, agus a bheith in ann a mhíniú cén fáth a bhfuil na rialacha sin riachtanach.
- Meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na dteachtaireachtaí faoi cheilt sna meáin agus idirdhealú a dhéanamh idir dearcthaí éagsúla agus díospóireacht a bheith ann faoi mheáin sa tsochaí chomhaimseartha agus an úsáid a bhaineann leanaí astu.
- A aithint nuair a úsáidtear steiríotíopáil sna meáin.
- Comparáid a déanamh idir cén tuairim a bheadh ag spriocghrúpaí éagsúla i leith an fhógra chéanna, agus a aithint gur féidir leis na meáin a bheith ina bhfoise faisnéise agus mífhaisnéise.
- A thuiscint go dtugann na meáin guth dúinn.
- Feachtas faisnéise meáin a chruthú chun an guth sin a úsáid.