Seo a leanas cuspóirí Thopaic 1:
Ceacht 1
Na meáin agus fógraíocht a thuiscint.
Ceacht 2
An cuspóir atá le fógraíocht a mhíniú agus a thuiscint.
Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 1 agus Rang 2 na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a ainmniú agus na meáin éagsúla a fheiceann siad ar bhonn rialta a shainaithint.
- Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann agus a aithint go mbíonn fógraíocht le feiceáil i ngach áit.
- A thuiscint go ndéanann fógraíocht iarracht ceann de na ceithre sprioc seo a leanas a bhaint amach:
- Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn
- Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach
- Áitiú orainn ár n-iompar a athrú
- Dearcadh a chur chun cinn
- Cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin bhunúsacha (sonas, míshonas, fearg, leadrán, ionadh, eagla) agus cén ‘chuma’ a bheadh orthusan dá mbeifeá chun iad a chur i láthair sna meáin.
- A thuiscint conas a thaitníonn na rudaí céanna le daoine eile is a thaitníonn linne, ach ar chúiseanna éagsúla.
- A thuiscint cad is bonn tuisceana ann, na boinn tuisceana a úsáidtear i roinnt fógraí do bhréagáin a thuiscint agus roinnt bonn tuisceana eile a athint a úsáidtear sna meáin.
- A thuiscint go gciallaíonn áitiú ar dhuine a chur ina luí ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó a smaoineamh agus a thuiscint conas a oibríonn sé sin.
- Cur síos a dhéanamh ar ghnáthshamplaí d’fhaisnéis sa chaoi a gcuirtear iad i láthair agus roinnt foinsí na faisnéise sin a lua.