Seo a leanas cuspóirí Thopaic 2:
Ceacht 3
Raon mothúchán mar a chuirtear i láthair iad sna meáin a shainaithint agus tuiscint a fháil ar na mothúcháin a spreagann na fógraí sin ionainn.
Ceacht 4
Roinnt de na heilimintí éagsúla a úsáidtear sna meáin a shainaithint.
Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 1 agus Rang 2 na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a ainmniú agus na meáin éagsúla a fheiceann siad ar bhonn rialta a shainaithint.
- Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann agus a aithint go mbíonn fógraíocht le feiceáil i ngach áit.
- A thuiscint go ndéanann fógraíocht iarracht ceann de na ceithre sprioc seo a leanas a bhaint amach:
- Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn.
- Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach.
- Áitiú orainn ár n-iompar a athrú
- Dearcadh a chur chun cinn
- A thuiscint go bhfuil dearcadh ag gach duine.
- Roinnt de na gnéithe a úsáidtear sna meáin a shainaithint.
- A mhíniú conas mar a théann na gnéithe sin i bhfeidhm ar ár mothúcháin.
- A thuiscint go bhfuil sé i gceist go rachadh fógraí i bhfeidhm orainn ar bhealach ar leith.
- A mhíniú cad is brí le riachtanas agus cad is brí le mian, agus an difríocht eatarthu a thuiscint.
- A shainaithint go dtéann meáin éagsúla i bhfeidhm ar spriocghrúpaí éagsúla daoine (luchtanna féachana agus éisteachta).
- Na teachtaireachtaí agus an fhógraíocht faoi cheilt sna meáin a aimsiú.
- Coincheap na steiréitíopála agus na steiréitíopaí a thuiscint.
- An mothúchán a spreagann fógra ionainn a nascadh le gníomh.
- A thuiscint conas is féidir leis na meáin chumarsáide a bheith ina bhfoinse eolais agus conas mar a dhéanann sé sin an domhan níos lú.