Skip to content

Join the All Ireland Obesity Action Forum

Sign up

Join the All Ireland Obesity Action Forum

Sign up

Join the All Ireland Obesity Action Forum

Sign up

Ráiteas seasaimh ar stiogma an mhurtaill


Cúlra 

Baineann stiogma an mhurtaill leis na dearcthaí agus tuairimí diúltacha atá ag baint leis an murtall, lena n-áirítear claontacht, idirdhealú, steiréitíopáil, agus eisiamh sóisialta (1). Tá an stiogma seo forleathan sa tsochaí, agus daoine atá ag maireachtáil le murtall ag fulaingt stiogma i roinnt suíomhanna, lena n-áirítear sa chúram sláinte, san oideachas, san áit oibre, sna meáin agus i gcaidrimh phearsanta (2). Léirítear sa taighde na hiarmhairtí sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte atá ag baint le stiogma an mhurtaill a fhulaingt. Ina theannta sin, is torthaí féideartha ar stiogma an mhurtaill a fhulaingt iad stiogma inmheánaithe nó ‘féinstiogma’ (3). Tarlaíonn sé sin nuair a thagann daoine aonair atá ag maireachtáil le murtall ar an eolas faoi dhearcthaí agus tuairimí diúltacha atá bunaithe ar an meáchan agus nuair a chuireann siad na dearcthaí agus tuairimí sin leo féin. Tá baint ag stiogma an mhurtaill a fhulaingt le himní, le féinmheas níos ísle, le haonrú sóisialta, le hiompraíochtaí míshláintiúla itheacháin agus rialaithe meáchain agus le seachaint aclaíochta níos airde (4). Tugtar le fios i roinnt staidéar go dtarlaíonn sé in amanna go gcuireann daoine aonair cúram liachta a lorg ar an méar fhada, rud a bhfuil tionchar aige ar chóireáil agus ar chosc (5).   

Cuspóir 

Tuigeann an Fóram um Ghníomhaíocht Uile-oileáin ar Mhurtall gur rud dochrach agus do-ghlactha é stiogma an mhurtaill. Is é cuspóir an ráitis seo ná breac-chuntas a thabhairt ar na bearta a dhéanfaidh an fóram chun dearcthaí is cúis le stiogmatú a dhíspreagadh agus chun stiogma an mhurtaill a laghdú.  
Iarrann an Fóram um Ghníomhaíocht Uile-oileáin ar Mhurtall ar a bhaill an méid seo a leanas a ghabháil orthu féin: 

  • Teanga ina dtugtar tús áite don duine a úsáid. Le teanga ina dtugtar tús áite don duine, tugtar tús áite don duine agus cinntítear nach lipéadaítear daoine i ngeall ar a ngalar. Úsáid a bhaint as teanga amhail ‘daoine atá ag maireachtáil le róthroime agus le murtall’ seachas ‘daoine atá róthrom nó murtallach’. 
  • Úsáid a bhaint as teanga dhearfach, gan úsáid a bheith á baint as teanga atá achrannach amhail ‘an cogadh ar an murtall’ nó ‘an murtall a chomhrac’. 
  • Úsáid a bhaint as íomhánna nach bhfuil aon stiogmatú ag baint leo. Ina lán cásanna, bíonn stiogmatú ag baint le híomhánna a úsáidtear chun daoine aonair atá ag maireachtáil le murtall a léiriú. Tá bainc íomhánna éagsúla nach bhfuil aon stiogmatú ag baint leo ar fáil lena n-úsáid saor in aisce.  
  • Faisnéis chruinn agus fianaise chruinn maidir leis an murtall a chomhroinnt chun stiogma an mhurtaill a dhíothú. 
  • A bheith tomhaiste le linn faisnéis faoin murtall a chur i láthair. Murtall a chur i láthair mar ghalar casta a bhfuil a lán tosca taobh thiar de.  
  • Seasamh i gcoinne toimhdí atá mícheart nó claonta. A mhíniú conas a mhúnlaíonn ár dtimpeallacht ár roghanna agus conas is féidir feabhas a chur ar shláinte daoine trínár dtimpeallacht a athrú. 
  • Tacú le tionscnaimh agus oiliúint atá dírithe ar stiogma an mhurtaill a chosc sa chúram sláinte, san oideachas agus san áit oibre. 

Acmhainní breise

Comhghuaillíocht na hÉireann do Dhaoine atá ag Maireachtáil le Murtall – Banc Íomhánna 

World Obesity – Banc Íomhánna 

Obesity Action Coalition – Teanga ina dTugtar Tús Áite don Duine

World Obesity – Stiogma an Mheáchain

Obesity Canada – Claontacht Meáchain

An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte – Claontacht meáchain agus stiogma an mhurtaill: breithniúcháin do Réigiún Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte  

Claontacht Meáchain a Laghdú i mBainistíocht, Cleachtas agus Beartas an Mhurtaill 

Baineann Tábhacht le Teanga: Murtall

Tagairtí

  1. Pervasiveness, impact and implications of weight stigma. Brown, Adrian et al. eClinicalMedicine, Volume 47, 101408 
  2. Weight stigma. World Obesity. www.worldobesity.org/what-we-do/our-policy-priorities/weight-stigma   
  3. Pearl, R. L., and Puhl, R. M. (2018) Weight bias internalization and health: a systematic review. Obesity Reviews, 19: 1141– 1163. https://doi.org/10.1111/obr.12701
  4. Rubino, F., Puhl, R.M., Cummings, D.E. et al. Joint international consensus statement for ending stigma of obesity. Nat Med 26, 485–497 (2020). https://doi.org/10.1038/s41591-020-0803-x  
  5. Phelan, S.M., Burgess, D.J., Yeazel, M.W., Hellerstedt, W.L., Griffin, J.M. and van Ryn, M. (2015), Obesity stigma and patient care. Obes Rev, 16: 319-326. https://doi.org/10.1111/obr.12266 


Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm