Cúntóir Riaracháin – Cumarsáid
Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Chúntóir Riaracháin – Cumarsáid, a bheidh lonnaithe inár n-oifig i mBaile Átha Cliath.
Soláthróidh an Cúntóir Riaracháin – Cumarsáid tacaíocht riaracháin go príomha don Stiúrthóireacht Cumarsáide agus go háirithe i ndáil leis na gnéithe Meán Sóisialta agus Caidrimh Phoiblí d’obair na Stiúrthóireachta. Beidh freagracht air nó uirthi as dualgais riaracháin oifige agus as cabhrú leis an bhfoireann agus í ag ullmhú inneachar do na meáin shóisialta, as cabhrú le riarachán agus lóistíocht imeachtaí, as dualgais ghinearálta phoiblíochta agus as faireachán a dhéanamh ar threochtaí meán agus digiteacha.
Cáilíochtaí agus Taithí
- 5 Ghrád ó A go D nó a gcomhionann (lena n-áirítear matamaitic agus Béarla) san Ardteistiméireacht (Gnáthleibhéal) nó 5 ghrád ó A go C nó a gcomhionann (lena n-áirítear matamaitic agus Béarla) i dTeastas Ginearálta an Mheánoideachais (GCSE)
agus
- taithí margaíochta/riaracháin dhá bhliain ar a laghad a gnóthaíodh sa timpeallacht earnála poiblí, earnála príobháidí, earnála deonaí nó earnála pobail, de bhreis ar na cáilíochtaí thuas
NÓ
- taithí trí bliana ar a laghad mar atá leagtha amach thuas, gan aon cheanglas maidir le cáilíochtaí.
- Dea-thaithí TF ar shraith táirgí Microsoft Office a úsáid i gcomhthéacs gnó.
- Déileáil le custaiméirí trí ríomhphoist, trí na meáin shóisialta, ar an teileafón agus i bpearsa.
- Taithí ar chomhfhreagras a láimhseáil agus ar thaifid a choimeád.
Tuarastal
Cúntóir Riaracháin (ranníocaíocht neamhphearsanta pinsin) €30,773 – €43,224
Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leat an pacáiste d’iarratasóirí agus na nótaí treorach d’iarrthóirí a íoslódáil thíos.
Is é 12pm meán lae Dé hAoine an 4 Deireadh Fómhair 2024 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
Tá Safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.