Seo a leanas cuspóirí Thopaic 4:
Ceacht 7
Déan cur síos ar cad is brí le ‘háitiú’ (rud a chur ina luí ar dhuine) agus conas a oibríonn sé sin
Ceacht 8
Déan idirdhealú idir na fíorchodanna agus na codanna fantaisíochta a bhaineann le fógra.
Ba cheart go gcuideodh MediaWise le haghaidh na Naíonán Beag agus Mór leis na leanaí na nithe seo a dhéanamh:
- An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a aithint agus a ainmniú.
- Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann.
- Roinnt mothúchán bunúsach a shainaithint (sonas, míshonas, fearg, leadrán, ionadh, eagla).
- An difríocht idir riachtanas agus mian a thuiscint.
- Cur síos a dhéanamh ar chlár teilifíse ar leith a thaitníonn leo agus é sin a roinnt leis an rang.
- A thuiscint go mbíonn spéiseanna éagsúla ag leanaí, agus go mbíonn boinn tuisceana ag na meáin faoi na nithe a thaitníonn le leanaí agus na roghanna atá ag buachaillí agus ag cailíní bunaithe ar an inscne amháin.
- A thuiscint go gciallaíonn áitiú ar dhuine a chur ina luí ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó a smaoineamh.
- A thuiscint gur féidir fógraí a shuíomh san fhíorshaol nó i saol na samhlaíochta, nó i meascán den dá rud.
- A shainaithint go bhféadfaidh go dtaitneoidh fógraí le leanaí atá suite i saol na samhlaíochta.