Seo a leanas cuspóirí Thopaic 4:
Ceacht 7
An ceangal a fheiceáil idir frithghníomh mothúchánach i leith fógra agus gníomh.
Ceacht 8
Feachtas meáin faisnéise a dhearadh chun a léiriú gur féidir leis na meáin a bheith ina bhfoinse faisnéise a dhéanann an domhan níos lú.
Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 3 agus Rang 4 na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a ainmniú agus na meáin éagsúla a fheiceann siad ar bhonn rialta a shainaithint.
- Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann agus a aithint go mbíonn fógraíocht le feiceáil i ngach áit.
- A thuiscint go ndéanann fógraíocht iarracht ceann de na ceithre sprioc seo a leanas a bhaint amach:
- Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn.
- Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach.
- Áitiú orainn ár n-iompar a athrú.
- Dearcadh a chur chun cinn.
- A thuiscint go bhfuil dearcadh ag gach duine.
- Roinnt de na gnéithe éagsúla a úsáidtear sna meáin a aithint.
- A thuiscint conas a théann na gnéithe sin i bhfeidhm ar ár mothúcháin.
- A thuiscint go gcruthaítear fógraí sa chaoi is go mbraithimis bealach ar leith.
- Cur síos a dhéanamh ar cad is mian ann agus cad is riachtanas ann, agus an difríocht eatarthu a thuiscint.
- A aithint go bhfuil difríocht idir meáin atá spriocdhírithe ar ghrúpaí agus ar dhaoine ar leith (lucht féachana/éisteachta).
- Na teachtaireachtaí faoi cheilt sna meáin a aimsiú.
- Coincheap na steiríotíopála a thuiscint.
- Frithghníomh mothúchánach i leith fógra a nascadh le gníomh ar leith.
- A thuiscint conas is féidir leis na meáin chumarsáide a bheith ina bhfoinse faisnéise agus conas a dhéanann sé sin an domhan níos lú.