Feidhmeannach TFC agus Saoráidí
Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Fheidhmeannach TFC agus Saoráidí, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.
Is é is Safefood ann ná comhlacht forfheidhmithe a cuireadh ar bun faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus a bhfuil freagracht air as sábháilteacht bia, bia sláintiúil agus taighde a chur chun cinn agus comhar eolaíoch a chothú ar bhonn uile-oileáin.
Tabharfaidh an Feidhmeannach TFC agus Saoráidí comhairle agus cúnamh don Bhainisteoir TFC agus Saoráidí maidir le straitéis TFC agus Saoráidí Safefood a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
- Déanfaidh sé/sí córais, beartais agus nósanna imeachta TFC agus Saoráidí a athbhreithniú agus a chothabháil ar aon dul le plean gnó Safefood agus lena cheanglais agus lena dhea-chleachtas.
- Tabharfaidh sé/sí comhairle maidir le cumraíocht chórais TFC Safefood agus le comhtháthú na gcóras sin le rialuithe próisis agus le córais eile a úsáideann Safefood agus tabharfaidh sé/sí tacaíocht leanúnach ina leith sin.
- Soláthróidh sé/sí príomhghníomhaíochtaí tacaíochta do Safefood, á chinntiú go reáchtáiltear córais Safefood atá ar an áitreabh agus néalbhunaithe agus líonra Safefood go héifeachtúil, go héifeachtach agus go slán.
- Tacóidh sé/sí leis an mBainisteoir TFC agus Saoráidí maidir le soláthar, cur chun feidhme agus forbairt Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus Saoráidí agus maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh sin.
Cáilíochtaí agus Taithí
- Cáilíocht tríú leibhéal i dTeicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide nó cáilíocht ghairmiúil choibhéiseach.
- Taithí TFC cúig bliana ar a laghad a gnóthaíodh san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach, san earnáil dheonach nó san earnáil pobail.
- Eolas agus taithí ar theicneolaíochtaí líonraithe agus cumarsáide, lena n-áirítear LAN/WAN, DMZ, timpeallachtaí Freastalaí ar an Áitreabh, ríomhairí pearsanta, ríomhairí glúine, gléasanna móibíleacha, printéirí, néalseirbhísí amhail Bainistíocht Freastalaí, Cúltaca, Office 365 agus Críochphointe.
Tuarastal
Ardoifigeach Feidhmiúcháin (ar bhonn NPPC) €55,492-€67,483
Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpost seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh air a aimsiú ar ár suíomh Gréasáin
Is féidir leat an pacáiste d’iarratasóirí agus na nótaí treorach d’iarrthóirí a íoslódáil anseo.
Is é 12pm meán lae Dé hAoine an 28 Feabhra 2025 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
Tá Safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.