Sábháilteacht Bhunriachtanach Bia
Tá ceardlann saor in aisce ar shábháilteacht bia do ghnólachtaí bia beaga á hóstáil ag Líonra Eolais Safefood, i gcomhar le Nuálaí BIA Bhaile Átha an Rí
Dáta: Dé Máirt an 23ú Aibreán, 2024
Am: 10:00 rn go 2:30 in
Láthair: Mol Bia Nuálaí BIA, Campas Uí Mhaoilíosa, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, H65 DD86
Sa cheardlann sin cuirfear oiliúint suas chun dáta ar fáil maidir le:
- Ailléirginí bia a bhainistiú agus a lipéadú
- Baictéir nimhithe bia a rialú
- Glanadh agus díghalrú
- Srianadh lotnaidí
- AGPRC (anailís guaise agus pointí rialúcháin criticiúla) agus coimeád taifead do ghnólachtaí bia beaga
Is deis iontach i seo chun plé a dhéanamh le hoiliúnaí/iniúchóir sábháilteachta bia ag a bhfuil taithí agus chun aithne a chur ar ghnólachtaí bia beaga eile ó do cheantar.