Oifigeach Comhlíontacháin
Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Oifigeach Comhlíontacháin, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.
Is é is safefood ann ná comhlacht forfheidhmithe a cuireadh ar bun faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus a bhfuil freagracht air as sábháilteacht bia, bia sláintiúil agus taighde a chur chun cinn agus comhar eolaíoch a chothú ar bhonn uile-oileáin.
Iarrtar iarratais anois ar an bpost mar Oifigeach Comhlíontacháin, a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.
Beidh freagracht ar an Oifigeach Comhlíontacháin go príomha as a chinntiú go gcomhlíonann safefood a oibleagáidí suntasacha comhlíontacháin laistigh de spriocdhátaí agus de réir na gcaighdeán cuí. Beidh freagracht air/uirthi as a chinntiú go gcloíonn safefood leis an reachtaíocht, na rialacháin agus na beartais inmheánacha is infheidhme agus as cláir chomhlíontacháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus as faireachán a dhéanamh orthu. Chun an ról a chur i gcrích, teastaíonn pointeáilteacht, sárscileanna anailíseacha agus tuiscint chuimsitheach ar phrionsabail bainistíochta riosca comhlíontacháin.
Cáilíochtaí agus Taithí
- Cáilíocht ar leibhéal 8 ar a laghad den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí sa ghnó, sa dlí, san airgeadas, sa riarachán nó i ndisciplín comhchosúil agus/nó cáilíocht ghairmiúil ábhartha
- Taithí iarchéime trí bliana ar a laghad san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach, san earnáil dheonach nó san earnáil pobail.
- Sáreolas ar an reachtaíocht agus na rialacháin iomchuí agus ar bhainistíocht comhlíontacháin.
- Taithí phearsanta ar threoir agus comhairle a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí bainistíochta riosca comhlíontacháin.
Tuarastal
Ardoifigeach Feidhmiúcháin (ar bhonn NPPC) €53,865-€65,505
Déanfar an ceapachán ag bunphointe an scála.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpost seo agus faoi conas iarratas a dhéanamh air a aimsiú ar ár suíomh Gréasáin:
https://www.safefood.net/compliance-officer
Is é 12pm meán lae Dé Céadaoin an 3 Iúil 2024 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
Tá safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.