Skip to content

Fáilteoir / Cúntóir Riaracháin


Iarrtar iarratais anois ar an bpost sealadach mar Chlúdach Saoire Máithreachais – Fáilteoir/Cúntóir Riaracháin a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh.

Is é is Safefood ann ná comhlacht forfheidhmithe a cuireadh ar bun faoi Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus a bhfuil freagracht air as sábháilteacht bia, bia sláintiúil agus taighde a chur chun cinn agus comhar eolaíoch a chothú ar bhonn uile-oileáin.

Clúdach Sealadach Saoire Máithreachais – Fáilteoir / Cúntóir Riaracháin (3 Lá in aghaidh na Seachtaine ar bhonn Páirtaimseartha)

Iarrtar iarratais anois ar an bpost sealadach mar Chlúdach Saoire Máithreachais – Fáilteoir/Cúntóir Riaracháin a bheidh lonnaithe inár gceannoifig i gCorcaigh. Táthar ag súil go mairfidh an sannachán naoi mí agus beidh sé páirtaimseartha. Tá an post lonnaithe ar an láithreán inár gceanncheathrú i gCorcaigh agus is iad na laethanta a bheidh ag teastáil ná an Mháirt, an Chéadaoin agus an Déardaoin.

Tugann an fáilteoir tacaíocht riaracháin agus chléireachais don eagraíocht agus, mar chéad phointe teagmhála do chuairteoirí, ní mór d’fháilteoir safefood íomhá dhearfach den eagraíocht a léiriú do chustaiméirí inmheánacha agus do chustaiméirí seachtracha araon tríd an deasc fáiltithe a bhainistiú. Tá sé/sí freagrach as gníomhaíochtaí deasc fáiltithe a chomhordú, lena n-áirítear comhfhreagras a dháileadh agus glaonna teileafóin a atreorú, agus as deasc taistil, soláthar agus eagrú ócáidí inmheánacha Safefood a chomhordú agus a riar.

Cáilíochtaí agus taithí

  • 5 Ghrád ó A go D nó a gcomhionann (lena n-áirítear matamaitic agus Béarla) san Ardteistiméireacht (Gnáthleibhéal) nó 5 ghrád ó A go C nó a gcomhionann (lena n-áirítear matamaitic agus Béarla) i dTeastas Ginearálta an Mheánoideachais (GCSE), mar aon le taithí chléireachais/riaracháin dhá bhliain ar a laghad.

  • Taithí trí bliana ar a laghad mar atá leagtha amach thuas, gan aon cheanglas maidir le cáilíochtaí.
  • Dea-scileanna TF agus taithí roimhe ar shraith táirgí Microsoft Office a úsáid i gcomhthéacs gnó.
  • Taithí ar dhéileáil le ceisteanna ó chustaiméirí i bpearsa agus ar an teileafón.
  • Taithí ar chomhfhreagras a láimhseáil agus ar thaifid a choimeád.

Tuarastal

€18,464 in aghaidh na bliana (pro rata ar feadh tréimhse níos giorra)

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat an pacáiste d’iarratasóirí agus na nótaí treorach d’iarrthóirí a íoslódáil thíos.

Íoslódáil an pacáiste d’iarratasóirí (Béarla)

Is é 12pm meán lae Dé Céadaoin an 11 Nollaig 2024 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.

Tá Safefood tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn.



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm