Skip to content

An dóigh a labhraímid faoi bhochtaineacht bia a athrú 

An dóigh a labhraímid faoi bhochtaineacht bia a athrú 

Baineann tábhacht leis an dóigh a labhraímid faoi bhochtaineacht bia.

Baineann tábhacht leis an dóigh a labhraímid faoi bhochtaineacht bia. Déanann an dóigh a gcuirimid an topaic in iúl difear do thuairimí agus tuiscint na ndaoine agus do bhearta tacaíochta chun aghaidh a thabhairt uirthi. Iniúchfar san ócáid seo an comhrá reatha ar bhochtaineacht bia ar oileán na hÉireann. Pléifidh na cainteoirí bealaí éifeachtacha chun labhairt faoi bhochtaineacht bia agus labhróidh siad faoi idirghabhálacha atá ag déanamh athruithe ina bpobal.

Clár

09.00 am – 10.00 am 
Clárú, mar aon le tae agus caife 

10.00 am – 10.05 am 
Focail fáilte 

10.05 am – 10.15 am 
Aitheasc tosaigh 

10.15 am – 10.55 am  
Bochtaineacht bia a chur in iúl ar oileán na hÉireann: fionnachtana ón tionscadal ildisciplíneach ilmhodha 
An Dr Elena Vaughan, Ollscoil na Gaillimhe 

10.55 am – 11.15 am  
Foodstock – freagairt pobail i mBéal Feirste 
Paul Doherty, Foodstock agus an Mol Dlúthpháirtíochta Pobail 

11.15 am – 11.35 am 
Sos 

11.35 am – 12.15 pm 
Bia, bochtaineacht agus sláinte: cumarsáid a athcheapadh chun croí agus aigne an phobail a athrú 
Sophie Gordon , FrameWorks UK 

12.15 pm – 12.55 pm  
Seisiún ceisteanna agus freagraí 

12.55 pm – 1.00 pm
Focail chlabhsúir 


Cliceáil anseo chun chlarú

Speakers

Sophie Gordon

Sophie Gordon

FrameWorks UK

Is Príomhstraitéisí Cumarsáide in FrameWorks UK í Sophie Gordon. Comhoibríonn sí le carthanais agus le heagraíochtaí misean-treoraithe eile chun saincheisteanna sóisialta a chur in iúl ar dhóigheanna a n-athraíonn tuairimí daoine. Ar an obair atá déanta ag Sophie le déanaí tá cabhair a thabhairt le heagraíochtaí agus iad ag iarraidh saincheisteanna tithíochta, sláinte agus ceartais choiriúil a chur in iúl ar dhóigh dhifriúil. Is í FrameWorks UK comheagraíocht FrameWorks Institute sna Stáit Aontaithe. Lena gcuid taighde, taispeántar conas a thuigeann daoine saincheisteanna sóisialta. Baineann siad úsáid as an eolas sin chun cumarsáidí straitéiseacha a fhorbairt agus a thástáil chun cabhrú le heagraíochtaí athruithe a bhaint amach.

Paul Doherty

Paul Doherty

Foodstock agus an Mol Dlúthpháirtíochta Pobail

Gníomhaí pobail, fear feachtais frithbhochtaineachta agus bunaitheoir an Mhoil Dlúthpháirtíochta Pobail i mBéal Feirste agus Foodstock, ar carthanas é, is ea Paul Doherty. Sa bhliain 2023, toghadh Paul chuig Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. Tamaillín ina dhiaidh sin, rinne sé cathair ‘Ceart chun Bia’ de Bhéal Feirste, rud lena n-aithnítear gur cheart rochtain ar bhia a bheith ina buncheart atá ag gach duine. Leanann Paul de bheith i mbun an fheachtais sin i dtuaisceart na hÉireann agus d’oibrigh sé chun ceantair chomhairle eile a thabhairt isteach san fheachtas. Áiríodh leo sin Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus, rud ba dhéanaí fós, Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.

Dr Elena Vaughan

Dr Elena Vaughan

Ollscoil na Gaillimhe

Is Comhalta Taighde san Ionad Taighde ar Chur Chun Cinn na Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe í an Dr Elena Vaughan. Ina taighde PhD, d’imscrúdaigh sí an stiogma a bhaineann le VEID in Éirinn, agus iniúchadh sonrach á dhéanamh ar an ngaol idir dioscúrsaí faoi stiúir na meán ar VEID agus na heispéiris fíorshaoil sa stiogma a bhíonn ag daoine a bhfuil VEID orthu in Éirinn. Seachas an stiogma a bhaineann le VEID, áirítear lena réimsí taighde eile cineálacha cur chuige ceartabhunaithe i leith na sláinte, agus cinntithigh shóisialta agus struchtúrtha na sláinte, lena n-áirítear an tsláinte chothaithe. Bhí sí i gceannas ar phunann éagsúil tionscadal lenar clúdaíodh topaicí amhail timpeallachtaí bia, sláinte na hóige LADTI+, an bhochtaineacht bia, agus margaíocht dhigiteach an bhia os comhair leanaí agus daoine óga.



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm