Seo a leanas cuspóirí Thopaic 3:
Ceacht 5
Sainaithin clár teilifíse a thaitníonn leo agus déan cur síos ar cén fáth.
Ceacht 6
Déan do mhachnamh ar cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist le “bonn tuisceana”.
Ba cheart go gcuideodh MediaWise le haghaidh na Naíonán Beag agus Mór leis na leanaí na nithe seo a dhéanamh:
- An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a aithint agus a ainmniú
- Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann
- Roinnt mothúchán bunúsach a shainaithint (sonas, míshonas, fearg, leadrán, ionadh, eagla)
- An difríocht idir riachtanas agus mian a thuiscint
- Cur síos a dhéanamh ar chlár teilifíse ar leith a thaitníonn leo agus é sin a roinnt leis an rang
- A thuiscint go mbíonn spéiseanna éagsúla ag leanaí, agus go mbíonn boinn tuisceana ag na meáin faoi na nithe a thaitníonn le leanaí agus na roghanna atá ag buachaillí agus ag cailíní bunaithe ar an inscne amháin
- A thuiscint go gciallaíonn áitiú ar dhuine a chur ina luí ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó a smaoineamh
- A thuiscint gur féidir fógraí a shuíomh san fhíorshaol nó i saol na samhlaíochta, nó i meascán den dá rud
- A shainaithint go bhféadfaidh go dtaitneoidh fógraí le leanaí atá suite i saol na samhlaíochta