Skip to content

An tionchar atá ag an murtall ar an torthúlacht agus ar an toircheas, i measc nithe eile 

An tionchar atá ag an murtall ar an torthúlacht agus ar an toircheas, i measc nithe eile 

Imeacht arna óstáil ag an bhFóram um Ghníomhaíocht Uile-oileáin ar Mhurtall le tacaíocht ó safefood, ó Líonra Thuaisceart Éireann an Chumainn don Staidéar ar Mhurtall, agus ón gCumann don Staidéar ar Mhurtall ar Oileán na hÉireann. 

Dáta: An Mháirt an 18 Iúil 2024 
Am: 10.00 am – 1.00 pm 
Láthair: Baile Átha Cliath agus ar líne 

Forbhreathnú ar an imeacht: Is féidir leis an murtall impleachtaí a bheith aige ar fud an tsaoil atáirgthe. San imeacht seo, tabharfar forbhreathnú ar an tionchar atá ag an murtall ar an torthúlacht, ar an toircheas, ar thréimhsí iarthuismidh agus ar shláinte an linbh, agus murtall na máthar agus murtall an athar araon á bplé. Labhróidh cainteoirí faoin eispéireas fíorshaoil sa mhurtall le linn na tréimhse sin agus fiosróidh siad idirghabhálacha a mbeidh mar aidhm leo sláinte na máthar, sláinte an athar agus sláinte an linbh a chur chun cinn.  

Clár 

09.00 am – 10.00 am: Clárú, agus tae is caife 

10.00 am – 10.05 am: Focal fáilte  

10.05 am – 10.15 am: Aitheasc tosaigh  

10.15 am – 10.45 am: An tOllamh Nicola Heslehurst, Ollscoil an Chaisleáin Nua 
An tionchar atá ag an murtall roimh an toircheas, le linn an toirchis agus i ndiaidh an toirchis ar shláinte ar feadh an tsaoil: an tábhacht a bhaineann le díriú a leagan ar neamhionannais sláinte 

10.45 am – 10.55 am: John Jordan, Tathantóir othar, Tuaisceart Éireann 
Eispéireas fíorshaoil 

10.55 am – 11.15 am : An Dr Rosie Dawson, Iontaobhas South Tees de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte 
An idirghabháil ‘LIFT’ lena dtéitear i ngleic le hathrú stíl mhaireachtála réamhcheaptha ó thaobh dearcaidh eile de 

11.15 am – 11.35 am: Sos 

11.35 am – 11.55 am: An tOllamh Sharleen O'Reilly, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 
Nósanna Nua a Spreagadh: Athrú Iompraíochta le haghaidh Bainistíocht Meáchain Shláintiúil sa Toircheas agus ina Dhiaidh 

11.55 am – 12.15 pm:  An tOllamh Michelle McKinley, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste 
Tacaíocht inghlactha agus inscálaithe le haghaidh bainistíocht meáchain i ndiaidh an toirchis: an triail um Thacú le Máithreacha (SMS) 

12.15 pm – 12.45 pm : Seisiún ceisteanna is freagraí 

12.45 pm – 12.55 pm: Focail chlabhsúir 

12.55 pm – 1.00 pm: Deireadh  

Cliceáil anseo chun chlarú

Beathaisnéisí na gcainteoirí

Speakers

An tOll. Michelle McKinley

An tOll. Michelle McKinley

Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

Ollamh le Cothú san Ionad um Shláinte Phoiblí, Scoil na Míochaine, na Fiaclóireachta agus na nEolaíochtaí Bithleighis, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, is ea Michelle McKinley. Ina cuid taighde, imscrúdaíonn Michelle an cumas atá ag idirghabhálacha cothúcháin chun an stádas cothaithe agus riosca an ghalair ainsealaigh, go háirithe diaibéiteas agus galar cardashoithíoch, a mhodhnú, agus fiosraíonn sí cineálacha nuálacha cur chuige i leith athruithe cothúcháin, athruithe iompraíochta stíl mhaireachtála agus bainistíocht meáchain a spreagadh agus a chur ar aghaidh ar fud an tsaoil. San obair atá á déanamh aici faoi láthair, tá sí ag díriú go mór ar shláinte na mban, lena n-áirítear idirghabhálacha casta roimh an toircheas, le linn an toirchis agus i ndiaidh an toirchis a fhorbairt agus a mheas.  Aitheantas le ORCID: http://orcid.org/0000-0003-3386-1504 

An tOll. Sharleen O’Reilly

An tOll. Sharleen O’Reilly

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is Diaitéiteach Cláraithe agus Ollamh Comhlach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, í Sharleen. Tá Ollúnacht ar Cuairt le hAcadamh Diaibéitis agus Inchríneolaíochta na Danmhairge aici faoi láthair, ar ollúnacht mór le rá í.  

Díríonn Sharleen ina cuid taighde ar ghalair neamhtheagmhálacha a chosc ar son sláinte níos fearr i measc máithreacha agus leanaí. Tá sí ina himscrúdaitheoir ar chistiú taighde ghníomhaigh is fiú breis agus €7M, tá 96 fhoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu aici agus tá sí i gceannas faoi láthair ar thionscadal cur chun feidhme is fiú €4.4M den chlár Fís 2020 de chuid an Aontais Eorpaigh.  

Suíonn Sharleen ar Choiste Feidhmiúcháin Chónaidhm Eorpach na gCumann Diaitéiteach agus ar Choiste Chónaidhm Idirnáisiúnta na Gínéiceolaíochta agus na hObstatraice ar Thionchar an Toirchis ar an tSláinte Fhadtéarmach. 

An Dr Rosie Dawson

An Dr Rosie Dawson

Iontaobhas South Tees de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte

Cnáimhseach Chomhairleach in Ospidéal James Cook in oirthuaisceart Shasana is ea Rosie. Tá sainspéis aici i Sláinte Phoiblí agus stíl mhaireachtála agus i gcúram atá faoi stiúir ag an gcnáimhseachas.  Tá Rosie ag obair sa chnáimhseachas le breis agus 20 bliain anuas agus d’oibrigh sí ina lán suíomhanna cliniciúla agus acadúla. Ina measc sin, d’oibrigh sí mar phríomhchnáimhseach don oideachas agus mar phríomhchnáimhseach do ghlór an úsáideora seirbhíse máithreachais. Cháiligh Rosie le déanaí le dochtúireacht i Sláinte Phoiblí, agus díriú á leagan ar athrú stíl mhaireachtála réamhcheaptha i measc mná atá ag déileáil le murtall agus le neamhthorthúlacht. Ag obair di i gcomhpháirt leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte, le heagraíochtaí pobail agus le carthanais, rinne Rosie an tionscadal LIFT (Stíl Mhaireachtála, Idirghabháil, Torthúlacht, Muintearas) a dhearadh agus a thriail chun feabhas a chur ar an bhfolláine sa phobal sin daoine.  
 

An tOll. Nicola Heslehurst

An tOll. Nicola Heslehurst

Ollscoil an Chaisleáin Nua

Is í an tOllamh Nicola Heslehurst Cathaoirleach reatha an Bhoird Iontaobhaithe do Chumann na Ríochta Aontaithe don Staidéar ar Mhurtall. Tá Ard-Chomhaltacht aici leis an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Sláinte agus Cúraim ina bhfiosraítear ról na saille sa luath-thoircheas le haghaidh tuar riosca a dhéanamh ar dhrochthorthaí toirchis a bhaineann leis an murtall. Sa mhórchlár taighde uaithi, fiosraítear neamhionannais i murtall agus cothú máithreacha agus leanaí agus conas is féidir gnáthsheirbhísí a oiriúnú chun sláinte agus folláine ar feadh an tsaoil a fheabhsú do mhná agus dá leanaí. I measc na dtopaicí leanúnacha taighde tá tionchar na héiginnteachta bia le linn an toirchis agus an luathshaoil ar mheáchan na máthar agus an linbh, cothú agus sláinte, stiogma an mheáchain le linn an toirchis, agus na riachtanais tacaíochta atáirgthe do mhná a ndearnadh obráid bhairiatraiceach orthu. 



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm